Clare County Library
Dúchas is Dóchas: Amhráin Ghaeilge an Chláir
Home | Music & Songs of County Clare | Live Recordings | Forums | Search this Website | Copyright |

Mo Chreach is mo Chás ná Tagann liom Snámh
Síofra Ní Élí Duggan
Síofra Ní Élí Duggan


Scoil: An Corrbhaile, Cill Chaoi, Contae an Chláir (Taobh ó thuaidh de Chill Chaoi)

O.S. Máirtín Mac Coitir.

Faisnéiseoir: Pádraig Ó Duibhir as Carraig an Chobhaltaigh.

‘Ba ghnáthach le Pádraig an t-amhran sin a chanadh.’

Bailitheoir: Eibhlís Ní Mheiscil

Fonn: Bruach na Carraige Baine. Tá foinn éagsúla go leor luaite leis an teideal céanna. (Feach samplaí thíos)

Amhránaí: Síofra Ní Éilí Duggan, Inis.

https://www.duchas.ie/ga/cbes/5074609/4878406/5074780?ChapterID=5074609

Nótaí:
Is sna Déise atá foinsí eile an amhráin seo. D’fhéadfadh sé, mar sin, gur amhrán Déiseach atá ann, go háirithe agus an ceangail fola agus canúna atá idir na Déise agus Tuamhain (Thomond). In ainneoin sin, is é seo thíos an t-aon leagan den amhrán áta ar fáil i mBailiúchán na Scol ó Chúige Mumhan.

(Leasaithe thíos : Ríonach Uí Ógáin ‘Gnéithe den cheol i mBarúntacht Mhaigh Fhearta)

Mo chreach is mo chás ná tagann liom snámh
Mar luingeas ar bhárr na taoide
Nó eitilt mar chág nó go raghainn go dtí mo ghrá
Pé baile nó áit go mbíonn sé

II
Go neósfainn mo ghearán is m'easba gach lá
Ó cuireadh chun fáin sa tír mé
Gan scilling ar fáil ach uireasba ‘gus gá
Is má bhristear an bád táim díolta

III
Ó do chois deas i mbróig a bhí suite go leor,
Ba dheas liom ag gabháil na slí tú
Ar mhuin chapaill fé scóip ag tarraingt sa ród
Ba mhinic ag ól is ag díol tú
IV
Do shamhailse d'fhear óg ní fheaca riamh fós
'S níor casadh fé dhó im’ líon tú
Cuir litir sa phost ó Shasana Núadh
Pé baile nó áit 'na mbíonn tú.

V
Is ó táir ar a thaobh gur cuireadh ort léinn,
Is nár ligeadh ar strae tú i do thógaint
Go bhfuil clisteacht i do bhéal is do leacain mar aol
Is tú ag amharc ar réalt an eolais

VI
Ó b’fhearra liom féin ná baile fé léis
Is ná fearanta saor gan feoirling
Go gcloisfinn ó d’bhéal, a bhí binn gan aon bhréag,
Ar sheasaigh an ghaoth i gcóir duit.


Mo Chreach is mo Chás ná Tagann liom Snámh

Mo Chreach is mo Chás ná Tagann liom Snámh

Ó: ‘Ár gceol Féinig’ leis an Athair Pádraig Breathnach, Brún agus Ó Nualláin, BÁC
Mo Chreach is mo Chás ná Tagann liom Snámh


<< Dúchas is Dóchas: Amhráin Ghaeilge an Chláir