Cuid a h-Aon: I
Ba ghnáth me ag siubhal le ciumhuis na habhann
Ar bháinseach úr ‘s an drúcht go trom,
In aice na gcoillte i gcoim an tsléibhe,
Gan mhairg gan mhoill ar shoillse an lae.
Do ghealadh mo chroidhe nuair chínn Loch Gréine,
An talamh, an tír, is íoghar na spéire,
Taitneamhacht aoibhinn suidheamh na sléibhte
Ag bagairt a gcinn tar druim a chéile.
Ghealfadh an croidhe bheadh críon le cianta—
Caithte gan bhrígh nó líonta ‘e phianta—
I séithleach searbh gan sealbh gan saidhbhreas
D’fhéachfadh tamall tar barra na gcoillte
Ar lachain ‘n-a scuainte ar chuan gan cheó,
An eala ar a bhfuaid ‘s í ag gluaiseacht leó,
Na héisc le meidhir ag éirghe in áirde
Péirse im radharc go taidhbhseach tárrbhreac,
Dath an locha agus gorm na dtonn
Ag teacht go tolgach torannach trom,
Bhíodh éanlaith i gcrainn go meidhrach módhmhar,
Léimneach eilte i gcoillte im chomhgar,
Géimneach adharc is radharc ar shlóighte,
Tréanrith gadhar is Reynard rómpa.
Ar maidin indé bhí an spéir gan cheó,
Bhí Cancer, ón ngréin, ‘n-a caorthaibh teó
Is í gabhtha chum saothair tar éis na hoidhche
Is obair an lae sin réimpi sínte.
Bhí duilleabhar craobh ar ghéaga im thimcheall,
Fiorthann is féar ‘n-a slaoda taoibh liom,
Glasradh fáis is bláth is luíbhna
Scaipfeadh le fán dá chráidhteacht smaointe.
Do bhí me cortha is an codladh dhom thraochadh,
Do shíneas thorm ar cothrom sa bhféar ghlas
In aice na gcrann i dteannta trínse,
Taca lem cheann ‘s mo hannlaí sínte.
Ar cheangal mo shúl go dlúth le chéile,
Greamuighthe dúnta i ndúbhghlas néallta,
Is m’aghaidh agam foilighthe ar chuilibh go sásta
I dtaidhbhreamh d’fhuiling me an cuilithe cráidhte
Do chorruigh do lom do pholl go hae me
Im chodladh go trom gan mheabhair gan éirim.
Ba ghairid mo shuan ‘nuair chuala, shaoil me,
An talamh magcuairt ar luascadh im thimcheall,
Anfadh a dtuaidh is fuadach fíochmhar
Is calaidh an chuain ag tuargain teinte ;
Siolladh dhem shúil dar shamhluigheas uaim
Do chonnarcas chugham le ciumhuis an chuain
An mhásach bholgach tholgach thaidhbhseach
Chnámhach cholgach ghoirgeach ghaighdeach ;
A haeirde ceart, má mheas me díreach,
Sé nó seacht de shlata is fuidhlach,
Péirse beacht dá brat ag sraoilleadh
Léi san tslab le drab is ríoball.
Ba mhuar ba mhéadhar ba fiadhain le féachaint
Suas ‘n-a héadan créachtach créimeach.
Ba anfadh ceanntair, scannradh saoghalta,
A draid ‘s a drandal mantach méirscreach.
A rí gach mádh ! ba láidir líomhtha
A bíoma láimhe is lánstaf innti,
Comhartha práis ‘n-a bharr ar spíce
Is comhachta báille in áirde air scríobhtha.
Adubhairt go dorrdhach d’fhoclaibh dána:—
Múscail ! corruigh ! a chodlataigh ghránna ;
Is dubhach do shlighe bheith sínte it shliasta
Is cúirt ‘n-a suidhe is na mílte ag triall ann ;
Ní cúirt gan acht gan reacht gan riaghail
Ná cúirt na gcreach mar chleacht tu riamh
An chúirt seo ghluais ó shluaighte séimhe—
Cúirt na dtruagh na mbuadh is na mbéithe.
Is muar le maoidheamh ar shíolrach Éibhir
Uaisle sídhe mar shuidhdar d’aonghuth
Dhá lá is oidhche ar bhinn an tsléibhe
I bpálás bhuidhnmhar Bhruighean Mhaighe Gréine.
Is daingean do ghoill sé ar shoillse an ríogh
‘S ar mhaithibh a theaghlaigh thaidhbhsigh sídhe,
‘S ar uimhir na buidhne bhí ‘n-a ndáil
Mar d’imthigh gach díth ar chríochaibh Fáil—
Gan sealbh gan saoirse ag síolrach seanda,
Ceannus a ndlighe ná cíos ná ceannphoirt,
Scriosadh an tír is ní’l ‘n-a ndiaidh
In inad na luíbhna acht flígheach is fiadhail ;
An uaisle b’fhearr chum fáin mar leaghdar
Is uachtar láimhe ag fáslaigh shaidhbhre,
Ag fealladh le fonn is foghail gan féachaint
D’fheannadh na lobhar ‘s an lom dá léirscrios.
Is dochrach dúbhach mar dhiugha gach daoirse
Doilbhe dúr i ndúbhcheilt dlighthe
An fann gan feidhm ná faghaidh ó éinne
Acht clampar doimhin is luighe chum léirscrios,
Fallsacht fear dlighe is fachtnaidhe árdnirt,
Cam is calghais faillighe is fábhar,
Scamal an dlighe agus fíordhath fannchirt,
Dalladh le bríb, le fee ‘s le fallsacht.
Farra gach fíor, is fuidheall níor fágadh,
Dearbhadh díble ar Bhíobla an lá san
Cúis dar ndóigh ná geobhairse saor tríd,—
Cnú na hóige dhá feóidh le faolrus
Is easnamh daoine suidhte ar Éire—
Do mheath let chuimhne an síolrach daonna ;
Is folamh ‘s is tráighte fágadh tíortha,
An cogadh is an bás gan spás dá ndíogadh,
Uabhar na righthe ‘s ar imthigh tar sáile
‘Nuair ná deineann sibh tuilleadh ‘n-a n-áit
díobh.
Is nár d’bhur n-iomad gan siorraigh gan síolrach
Is mná ‘n-a muirear ar muir ‘s ar tíorthaibh,
Connsaigh chorpordha is borracaigh óga,
Is bonnsaigh bhrothallach fola agus feóla,
Lóistigh liosta agus leigithigh shásta
Is mórdhaigh shioscaithe d’imthigh i bhásta ;
Is truagh gan toirrcheas tollairí ‘en tsórt so,
Is truagh gan tormach brollaigh is bóta iad,
Is minic iad ullamh an focal dá bhfaghdís
Ag tuitim dá mogaill is molaimse a bhfoidhnne,
‘Sé cinneadh le saoithe i gcrích na comhairle
In inad na daoirse dh’innsin dóibh sin:—
Duine den bhuidhin seo, líon a gcomhachta,
Ar thuitim don dísle, suidheamh i bhFódla.
Tairgeann Aoibheal, croidhe gan chlaonbheart,
Cara na Muimhneach, sídhbhean Léithchraig,
Scaradh le saoithibh sídhe na sluagh so
Scathamh do scaoileadh daoirse i dTuadhmhain.
Gheall an mhíonla chaointais chóir seo
Fallsacht dlighe do chlaoidhe go cómhachtach,
Seasamh i dteannta fann is fánlag
Is caithfidh an teann bheith ceannsa tláth libh,
Caithfidh an neart gan cheart so stríocadh
Is caithfidh an ceart ‘n-a cheart bheith suidhte ;
Geallaimse anois nách clis ná comhachta,
Caradus Miss ná Pimp ‘n-a comhdhalta
Shiubhalfas tríd an dlighe seo ghnáith
‘S a gcúirt ‘n-a suidhe ag an síolrach neamhdha
;
Tá an chúirt seo seasmhach feasta ‘san bhFiacail,
Siubhailse, is freagair í, caithfe tu triall ann,
Siubhail gan tafann go tapa ar do phriacail,
Siubhail ! nó stracfad san lathaigh im dhiaidh thu !”
Do bhuail sí crúca im chúl ‘san chába
Is ghluais chum siubhail go lúbach láidir,
Sciob léi síos me trí sna gleannta,
Cnoc Mhánmhaighe is go binn an teampaill.
Is deimhin go bhfeaca me ar lasadh le tóirsibh
An teaghlach taitneamhach maiseamhach mórtach
Soillseach seasmhach lannmhail lómrach
Taidhbhseach tathacach daingean deaghdhóirseach,
Chonnairc me an tsídhbhean mhíonla bhéasach
Chumuis ‘n-a suidhe ar bhínse an tsaorchirt,
Chonnairc me gárda láidir luaimneach
Iomadach árrthach tárraingthe suas léi,
Chonnairc me láithreach lánteach líonta
Ó mhullach go lár de mhná is de dhaoine,
Chonnairc me spéirbhean mhaordha mhallruisc
Mhilisbhog bhéaltais mhéarlag mhealltach
Thaitneamhach shásta tháclach fhionn
‘N-a seasamh in áirde ar chlár na mionn.
Bhí a gruaig léi scaoilte síos go slaodach
Is buaireamh suidhte fíor ‘n-a féachaint,
Fuinneamh ‘n-a radharc is faghairt ‘n-a súile
Is fiuchadh le draghan uilc aighnis fútha ;
A caínt dá cosc le loscadh cléibhe,
Gan gíog ‘n-a tost acht tocht dá traochadh,
Do b’fhuiris a rádh gur bás badh rogha léi
Is tuile gan tlás ag tál go trom léi,—
‘N-a seasamh ar lár an chláir ‘n-a saighead
‘S í ag greadadh na lámh ‘s ag fáscadh
a laghar.
An uair do ghoil sí folcaí fíochmhar
Is d’fhuascail osnaí gothaí caínte
D’imthig an smúit is d’iompuigh snódh uirthi,
Thiormuigh sí a gnúis is dubhairt mar ‘neósad
:—
“Míle fáilte is gárdus cléibh romhat,
A Aoibheal, a fháidhbhean ársa ón Léithchraig,
A shoillse an lae is a rae gan choimse,
A shaidhbhreas shaoghalta i ngéibhinn daoirse,
A cheannusach bhuadhach ó shluaighte an aoibhnis,
Ba easnamh cruaidh thu i dTuadhmhain ‘s i dTír Luirc ;
‘S é túis mo cháis is fáth mo chaointe,
Cúis do chráidh me is d’fhág me claoidhte,
Bhain dem threoir me is sheóil gan chiall me,
‘S chaith mar cheó me dóighte i bpianta,—
Na sluaighte imthigheann gan chrích gan chaomhnadh
Ar fhuaid an tsaoighil seo d’fhíorscoith béithe
‘N-a gcailleacha dubha gan cumhdach céile,
Caithte gan clú gan cionnta claonbheart.
Is aithnid dam féin san méid seo shiubhlas
Bean agus céad nár mhéin leó a dhiúltadh,
Is mise in a measc mo chreach mar táimse
D’imthigh im spaid gan fear gan pháiste.
Mo dhochar mo dhóghadh mo bhrón mar bhíom
Gan sochar gan sógh gan seóid gan síth,
Go doilbhir duaibhseach duadhmhar dítheach,
Gan codladh gan suan gan suairceas oidhche,
Acht maslaithe i mbuairt gan suaimhneas sínte
Ar leabain leamhfhuair dár suathadh ag smaointe.
A cháidh na Carraige breathain go bíodhgach
Mná na Banba in anacra suidhte,
Ar nós má leanaid na fearaibh dá bhfuadar
Óch, mo lagar ! acht caithfamna a bhfuadach.
‘S é am nur mhéin leó céile phósadh
An t-am nur dhéirc le héinne góbhail leó !
An t-am nár bh’fhiú bheith fútha sínte—
Na seandaigh thonnda shúighte chlaoidhte.
Dá dtuiteadh amach le teas na hóige
Duine fén seacht ar theacht féasóige
Ceangal le mnaoi, ní míntais thoghfidh—
Thaitneamhach shuidhte ‘e shíol ná d’fhoghluim,
Clódheas chaoin ná míonla mhánla
A mb’eól di suidhe ná tigheacht do láthair,
Acht doineanntach odhar nó donn doilgheasach
Do chruinnigh le doghraing cabhair nách cuibhe dhi !
‘S é chráidh mo chroidhe is do scaoil gan chéill
me
‘S d’fhág mo smaointe is m’intinn traochta
Tráighte tinn mar taoim, go tréithlag,
Cráidhte claoidhte ag caoidh ‘s ag géarghol,—
Nuair chím preabaire calma croidhmhail
Fuadrach fearmhail barrmhail bríoghmhar
Stuamdha feasmhach seasmhach saoithmhail
Gruaidhdheas greannamhar geanmhail gnaoidhmhail,
Nó buachaill bastallach beachanta bróigdheas
Cruaidhcheart ceanusach ceapaithe córach
Buaidhte ceannuighthe ceangailte pósta
Ag fuaid ag cailligh ag aimid nó ag óinmhid,
Nó ag suairle salach de chaile gan tionnscal,
Stuaiceach stailiceach aithiseach stanncach
Suaidhteach sodalach foclach fáidhmhail
Cuardach codlatach goirgeach gráinmhail.
Mo chreach is mo lot ! tá molt míbhéasach,
Caile na gcos is folt gan réidhteach,
Dá ceangal anocht ‘s é loisc go léir me,
Is ca bhfuil mo locht ná toghfaidhe réimpi ?
Créad an t-adhbhar ná tabharfaidhe grádh dham
Is mé chomh leabhair, chomh modhmhail chomh breagh so ?
Is deas mo bhéal, mo dhéid ‘s mo gháire,
Is geal mo ghné, is tá m’éadan tláth
tais.
Is glas mo shúil, tá m’úrla scáinneach
Bachallach búclach cúplach fáinneach,
Mo leaca is mo ghnúis gan smúit gan smáchall
Tarraingthe cumtha lonnrach scáthmhar
Mo phíop, mo bhrághaid, mo lámha, mo mhéara,
Ag síorbhreith barr na háilne ó chéile.
Féach mo chom! nach leabhair mo chnámha,
Ní’l me lom ná crom ná stágach,
Seo toll is cosa is colann nach nár liom,
‘S an togha go socair fé chover ná tráchtaim.
Ní suairle caile ná sreangaire mná me
Acht stuaire cailce tá taitneamhach breagh deas,
Ní sraoill ná sluid ná luid gan fáscadh,
Ná smíste duirc gan sult gan sásamh,
Lóiste lobhtha ná toice gan éifeacht,
Acht óigbhean scoththa chomh toghtha ‘s is féidir.
Dá mbeinnse silte mar tuilleadh dhem chomhursain,
Leadhbach liosta gan tuigsin gan eólus,
Gan radharc, gan ghliocus in imirt mo chórach,
Mo threighid ! cár mhisde me rith in éadóchus ?
Ní fheacathas fós me i gcomhgar daoine,
Ag faire ná ag tórramh óg ná críona,
Ar mhachaire an bháire an ráis ná an rinnce,
I bhfarradh na dtáinte ar bánta líonta,
Acht gabhtha go sámh gan cháim ar domhan
I gculaithe shásta ó bharr go bonn.
Beidh a cheart im chúl de phúdar fillte,
Starch is stiúir i gcúl mo choife,
Húda geal gan ceal ribíní,
Gúna breac ‘s a cheart ruffaí leis ;
Is annamh go brách gan fásáil aerach
Thaitneamhach bhreágh lem cheárdán craorag,
Is aniomdha luíbhna craoibha is éanlaith
Ar m’ aprún síogach ríoghdhach cambric ;
Sála cumtha cumhanga córach
Árda sleamhaine ar screw fém bhróga,
Búclaí is fáinní is láimhne síoda,
Fonnsaí práislí is lásaí daoira,
Seachain, na saoil gur sceinnteach scáthmhar,
Aimid gan ghaois ná naoindach náireach
Eaglach uaigneach uallach fhiadhain me,
Gealthach gan ghuais gan stuaim gan téagar ;
I bhfalach ní raghainnse ó radharc na gcéadta,
Is ceannusach taidhbhseach m’aghaidh agus m’éadan,
Is dearbhtha bhím dom shíorthesbeánadh
Ar mhachaire mhín gach fíoriomána,
Ag rinnce, ar báire, rás is radaireacht,
Teinte cnámh is ráfla is ragairne,
Ag aonach margadh is Aifreann Domhnaigh,
Ag éileamh breathnuighthe, ag amharc gach togha fir.
Chaitheas mo chiall le fiadhach gan éifeacht,
Dhalladar riamh me, d’iadhdar m’ae ionnam.
Tar éis mo chumainn, mo thurraing, mo ghrádh dhóibh,
Tar éis ar fhulaing me d’iomada crádhnuis,
Tar éis ar chailleas le caitheamh na scálaí,
Béithe balbha is cailleacha cártaí.
Ní’l cleas dá mb’fhéidir léaghamh
ná trácht air
Le teacht na rae nó tar éis bheith lán di,
Um Inid ná um Shamhain ná ar shiubhal na bliadhna
Ná tuigim gur leamhus bheith ag súil le ciall as.
Níor bh’áil liom codladh go socair éanuair
díobh
Gan lán mo stoca de thorthaibh fém chluasa,
Is deimhin nár bh’obair liom troscadh le cráibhtheacht,
Is greim ná blogam ní shlogainn trí trátha,
In aghaidh an tsrotha do thomainn mo léine,
Ag súil trím chodladh le cogar óm chéile,
Is minic do chuaidh me ag scuabadh an stáca,
Ingne is gruaig fén luaithghríos d’fhágainn,
Chuirinn an tsúist fé chúil na gaibhle,
Chuirinn an ramhan go ciúin fén adhairt chugham,
Chuirinn an choigíol i gcillín na háithe,
Chuirinn mo cheirtlín i dteine aoil Mhic Rághnaill,
Chuirinn an ros ar chorp na sráide,
Chuirinn san tsop chugham tor gabáiste.
Ní’l cleas aca súd dá ndubhras láithreach
Ná hagrainn congnadh an deamhain ‘s a bhráthar,
‘S é fáth mo scéil go léir ‘s
a bhrígh dhuit
Mar táim gan chéile tar éis mo dhíchill,
Fáth mo sheanchus’ fhada, mo phianchreach,
Táim in achrann dhaingean na mbliadhnta,
Ag tarraing go tréan ar laethibh liaithe
Is eagal liom éag gan éinne ‘om iarraidh.
A Phéarla ó Pharrthas screadaim is glaedhim ort,
Éiric m’anma ort, aitchim thu is éighim ort,
Seachain ná scaoil me im shraoill gan áird
Ná im chailligh gan chrích gan bhrígh gan bhláith,
Gan charaid gan chloinn gan choim gan cháirde
Ar theallacha draghain gan feidhm gan fáilte.
Dar a fuil uimpe teinte is tóirneach !
Dalladh me suidhte maoidhte im óinmhid,
Sealbh gach sógha ag rógha gach diugha
‘S ag ainnibh na Fódla os comhair mo shúl.
Tá sumach ag Saidhbh go saidhbhir sómhach,
Muirinn i meidhir ‘s a haghaidh ar a nóchar,
Mór is Mairsile i macnus múchta,
Is mórchuid magaidh ortha ag fachnaid fúm-sa ;
Is giodamach sámh í Sláinge, is Síle
Sisile is Áine is ál ‘n-a dtimcheall,
Tuilleadh mar táid de mhnáibh na tíre
Is mise mar táim gan tál gan tsíolrach.
Is fada gan feidhm is foidhnne dhamhsa é,
Lagar ‘om leaghadh ‘s mo leigheas im chomhachta
Maille re luíbna díble dreóighte
Is arthanna draoidheachta chlaoidhfeas fós dam
Buachaill deas nó gas galánta
Bhuaidhfeas ceart a shearc ‘s a ghrádh dham.
Do chonnarc go leór den tsórt dá dhéanamh
Is chuirfinn i gcóir na comhgair chéadna :
Is daingean an congnadh ag dúbailt daoine
Greamanna d’úbhla is púdar luíbhna,
Magairlín meidhrach, meill na mbualtaibh,
Taithigín taidhbhseach, toill na tuairte,
Mealladh na minnseach, claidheamh na mbonnsach,
An cumainnín buidhe ‘s an draoidheacht chum drúise,
Duilleabhar dóighte ar nós gur rún é,
Is tuilleadh dhen tsórt nach cóir a mhúineadh.
Do b’iongantus muar i dTuadhmhain le chéile
An bhroingheal so thuas ag buadhchan céile ;
Is d’innis sí damhsa, ar ndóigh, trí rún,
Um Inid ‘s í pósta ó bhórd na Samhn’
Nár ibh is nár ól acht an feóithnach fionn
Is cuillibh na móna dóighte ar lionn.
Is fada me ag foidhnneadh, faghaimse fuascailt,
Seachain ar mhoill me, raighead chum luais é ;
Muna bhfuil leigheas dom threighid it chuairt-se
Cuirfe me faghairt i bhfeidhm má’s cruaidh dham.
|